Ba bhreá le Cleite a bheith ina rí ar na canablaigh. Agus é ar an bhfarraige, séidtear bád beag Chleite sa stoirm. Tagann long an chaptaein Feasóg Fhionn ar an mbád agus tugann sé Cleite ar bord. Cuirtear ag obair é, ag glanadh na loinge. Ach cuireann Cleite aithne ar Chrúca Beag, foghlaí mara beag eile cosúil leis féin. In éineacht le Crúca Beag, tugann Cleite cuairt ar oileán tréigthe — nó beagnach tréigthe. Níl ar an oileán ach Péarla, banphrionsa na gcanablach....
Tá athair is máthair Chleite de shíor ag troid. Ar chomhairle a chara, Crúca Beag, téann Cleite ag cuardach órchiste atá i bhfolach ar Oileán na Seacht gCloigne. 'Má thagann sibh ar órchiste, is cinnte go ndéanfaidh bhur dtuismitheoirí cóisir mhór. Casfaidh bhur máthair an chláirseach agus casfaidh bhur n-athair an troimpéad agus ina dhiaidh sin gabhfaidh siad ag damhsa ar an deic. Beidh siad mór le chéile arís ansin.' 'An gceapann tú?' a d'fhiafraigh Cleite de.
Tá an long foghlaithe mara An Bolg Lán faoi ionsaí ag plandaí móra millteacha agus tá Muintir Phlúir i dtrioblóid. Caithfidh Cleite agus a chairde stop a chur leis na plandaí‘Tá siad cosúil le...le plandaí a itheann daoine...' a deir Cleite go himníoch. ‘Tá,' a deirt Péarla. ‘Plandaí feoilsúiteacha.' Bhí eolas ag Péarla ar a leithéidí - bhain sí le treibh chanablach. ‘Ní féidir é!' a dúirt Cleite go scanraithe. Bhí na bláthanna ag fás níos mó. ‘A Dheaide,'a bhéic Mama Plúr.‘Cé as ar tháinig na plandaí seo?'
'Chun bróga a dhéanamh, teastóidh craiceann ainmhí uaim,' arsa taoiseach na dTípíonna Beaga lena mhac. 'Mar sin, tabhair dom bogha,' arsa Níotú, 'agus maróidh mé na hainmhithe is fearr ar domhan chun na craicne is fearr a fháil.' Is mac le taoiseach na dTípíonna Beaga é Níotú, agus taispeánfaidh sé don treibh ar fad gurb eisean an sealgaire is fearr!